← "Is náireach le rá é nach dtig le neart bhur slua an leac sin a thógáil," arsa an marcach. 🔊✎
← "Beannach ort, a Oisín uasail," arsa Pádraig. 🔊
← "Ní hé mo bheith dall is measa liom," arsa Oisín, "ach mo bheith beo i ndiaidh Oscair agus Fhinn. 🔊✎
← "A iníon óg,' arsa Fionn, "cad é mar a thug tú grá do mo mhacsa thar fhir bhreátha an tsaoil?" 🔊✎
← "Thug mé grá éagmaise dó as an méid a chuala mé i dTír na nóg fána phearsa agus fána mhéin," arsa Niamh. 🔊✎
← "Do dhiúltú ní thabharfaidh mé uaim," arsa Oisín. 🔊✎
← "A Oisín," arsa Fionn, "mo chumha thú ag imeacht uaim agus gan súil agam le do theacht ar ais go brách." 🔊✎
← "Fáilte romhat, a Oisín mhic Fhinn," arsa Rí na nÓg. 🔊
← "Gheobhaidh tú sin, cé gur doiligh liom do ligean uaim," arsa Niamh. 🔊✎
← "A Phádraig, sin duit mo scéal," arsa Oisín. 🔊
← "Cúis luaíochta do chumha, a Oisín, agus gheobhaidh tú Neamh dá bharr," arsa Pádraig. 🔊✎
← "Tabhair mo chuid bia agus mo leaba i leataobh domh," arsa Oisín, "óir ní lucht comhaimsire domh na daoine anois." 🔊✎